Comhairlúchán Poiblí - Dréachtscéim i dtaca le Coistí um Beartais Straitéiseacha i gComhairle Contae an Chabháin

Dréachtscéim i dtaca le Coistí um Beartais Straitéiseacha a Bhunú agus a Fheidhmiú i gComhairle Contae an Chabháin le linn na tréimhse 2024 go dtí 2029.

Tá Comhairle Contae an Chabháini ndiaidh dréachtscéim a cheadú chun Coistí um Beartais Straitéiseacha a Bhunú agus a Fheidhmiú i gComhairle Contae an Chabháin le linn na tréimhse 2024 go dtí 2029 agus í a chur amach ar Chomhairliúchán Poiblí.

Is féidir an dréachtscéim a fheiceáil ar shuíomh idirlín na Comhairle ar www.cavancoco.ie/spc. Tá cóip chrua den scéim ar fáil ach é a iarraidh ó Seirbhísí Corparáideacha, Sráid Fearnáin An Cabhán.

Déantar socrú sa dréachtscéim go mbunófaí cúig cinn de CBS-anna sna réimsí seo a leanas:

CBS 1 – Beartas Eacnamaíochta, Fiontraíochta agus Pleanáil

CBS 2 – Gníomhú ar son na hAeráide agus Bithéagsúlacht agus an Comhshaol

CBS 3 – Tithiocht, Cuimsiú Sóisialta, agus Seirbhísí Corparáideacha

CBS 4 – Bóithre agus Iompar, infreastruchtúr agus Seirbhísí Éigeandála

CBS 5 – Forbartha Cultúrtha, an Teanga Ghaeilge agus Spórt

Is Comhaltaí Tofa agus ionadaithe ó na páirtithe leasmhara agus ó na hearnálacha éagsula atá gníomhach sa Chontea a bheas ina mbaill de na CBS-anna.

  • Tugtar cuireadh anois do bhaill den phobal i gcoitinne, do bhaill d’eagraíochtaí pobail agus deonacha agus d’ionadaithe ó na hearnálacha leasmhara éagsúla, aighneacht a dhéanamh chuig Comhairle Contae an Chabháin i dtaca leis an dréachtscéim.

Más mian leat aighneacht a dhéanamh, ba chóir duit é a dhéanamh mar seo a leanas:

Trí rphost: esmith@cavancoco.ie

I scribhinn: Seirbhísí Corparáideacha , Comhairle Contae an Chabháin, Sráid Fearnáin An Cabhán. H12 V3W4

Data deireanach:Faoi mheán oíche an 6 Deireadh Fómhair 2024