Ráiteas Polasaí
Ráiteas Polasaí
Ní gá do Chomhairle Chontae an Chabháin aon fhaisnéis a scaoileadh uathu lena hathúsáid. Aon eolas a scaoiltear áfach, beidh sé faoi réir ag na téarmaí agus na coinníollacha atá sa cheadúnas is déanaí um fhaisnéis na hearnála poiblí atá le feiscint ar an suíomh seo:
- Féach ar suíomh eolais na hEarnála Poiblí
Ní scaoilfidh an Chomhairle sonraí atá faoi réir ag na rialacháin ach i bhformáid nó i dteanga atá cheana féin ann. Ionann is sonraí ag a bhfuil cosaint ó thaobh cearta maoine intleachtúla de, ní cheadaíonn na rialacháin sonraí nó faisnéis phearsanta a scaoileadh má tá cosaint ag a leithéid faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise.
Ní cheadaíonn na rialacháin ach oiread faisnéis a scaoileadh ar mhodh a bheadh i gcoinne an dlí. Ní bheidh Comhairle Chontae an Chabháin freagrach as aon chaillteanas nó dliteanas a tharlaíonn trí eolas a athúsáid ná ní dheimhnítear go bhfuil an t-eolas nua agus saor ó bhotún. Ní bhronnann an Chomhairle cearta eisiacha ar aon úsáideoir i leith an eolais chéanna.
Má bhíonn aon cheist eile agat maidir lenár ráiteas polasaí um eolas na hearnála poiblí a athúsáid, déan teagmháil linn led thoil de réir na sonraí seo a leanas:
Sonraí Teagmhála
An tOifigeach um Shaoráil Faisnéise
Teach na Cúirte
Sráid Farnham
An Cabhán
Contae an Chabháin
- foioff@cavancoco.ie
- Fón: 049 437 8300
- Faics: 049 436 1565