Daonacmhainní
Daonacmhainní
Eolas ar an Roinn Daonacmhainní agus ar mhodhanna a chinntíonn go mbíonn dóthain foirne ag Comhairle Chontae an Chabháin.
A mbíonn ar siúl ag Daonacmhainní
Tús eolais ar na seirbhísí ón Roinn Daonacmhainní
Bíonn an Roinn Daonacmhainní ag plé le réimse leathan grád agus ról laistigh de Chomhairle Chontae an Chabháin a earcú, a roghnú, a choimeád agus a bhainistiú.
Ar na róil úd bíonn:
- Cléireachas
- Riarachán
- Proifisiúnta
- Teicniúil
- Ceardaíocht
- Oibrithe Ginearálta agus a leithéid
Tá rún againn oiliúint agus forbairt a sholáthar ar bhonn cothrom dár gcuid fostaithe go léir chun gur féidir leo cur le heolas, le scileanna agus le cumas i dtreo ár gcuid aidhmeanna agus spriocanna a chur i gcrích.
Córas Bainistíochta agus Forbartha Feidhmíochta
Baineann an Córas Bainistíochta agus Forbartha Feidhmíochta lena cinntiú go dtuigeann na meithil éagsúla agus na baill foirne i gComhairle Chontae an Chabháin na haidhmeanna straitéiseacha atá sa Phlean Corparáideach.
Dá bhrí sin cinntítear go mbíonn na meithil agus na baill aonair ag obair i dteannta a chéile chun seirbhís den chéad scoth a sholáthar do mhuintir an Chabháin.
Forbairt Phearsanta
Tá céatadán ard foirne i gComhairle Chontae an Chabháin a phléann forbairt phearsanta le bainisteoirí go rialta. Ar an gcuma san cinntítear go mbíonn seirbhís ardchaighdeáin againn do mhuintir an Chontae agus í de shíor ag feabhsú.
Má bhíonn aon cheist agat faoin Roinn Daonacmhainní agus faoina mbíonn ar siúl acu, déan teagmhail linn led thoil de réir na sonraí seo a leanas:
Sonraí Teagmhála
Daonacmhainní
- jobs@cavancoco.ie
- Fón: 049-4378600
- Faics: 049-4361565
Folúntais
Conas cur isteach ar na poist a bhíonn ar fáil i gComhairle Chontae an Chabháin.
Folúntais
Luaitear na folúntais is déanaí de réir mar a tharlaíonn sa mhír nuachta ar an suíomh seo.
Má bhíonn aon cheist agat maidir le folúntais a bhíonn ar fáil laistigh de Chomhairle Chontae an Chabháin, déan teagmhail linn led thoil de réir na sonraí seo a leanas:
Sonraí Teagmhála
Daonacmhainní
- jobs@cavancoco.ie
- Fón: 049-4378600
- Faics: 049-4361565